Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Cur síos ar dhíol na móna ag stáisiún Mhín na Cuingne, agus nuair a dhruid sí. | 00:01:38 | |
Gnó na móna san am sin i nGaoth Dobhair. Ainmneacha na ndaoine a bhíodh ag tabhairt lódaí móna suas go dtí an stáisiún agus méachan na lorraí. | 00:02:30 | |
Scéim baint na móna a bhí ag an Chomhairle Contae i rith am an chogaidh. Bhítí ag baint móna agus a tabhairt go St. Johnston agus go Páirc an Fhéinics i mBaile Átha Cliath. Baineadh a lán caoráin ag an am agus nuair a cuireadh deireadh leis an traen i 1947 thosaigh fear darbh ainm Páidí Sheáin as Ard Donn ag iompar na móna le lorraí. | 00:01:36 | |